Tá comórtas earcaíochta do Bhainisteóirí Sinsearacha Fhoireann Allamuigh Dhaonáireamh 2027 (6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh agus 46 Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh) dúnta anois. Tá níos mó eolas ar fáil faoi na comortais atá le teacht ar census.ie
Beidh trí earcaíocht ar leith ar siúl in 2026 agus seo a leanas iad:
Tá poist ar fáil ar fud na tíre. Baineann tréimhsí éagsúla leis na conarthaí éagsúla.
Tá níos mó eolais ar fáil faoi na róil uilig agus conas iarratas a chur isteach orthu ar census.ie.
Beidh Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh freagrach as Daonáireamh 2027 a reáchtáil go rathúil sa limistéar a shannfar dóibh. Bainisteoidh siad foireann de 6-8 Maoirseoir Réigiúnacha Daonáirimh a mbeidh gach duine acu freagrach as limistéar réigiúnach. Feidhmeoidh siad mar nasc ríthábhachtach idir Foireann Cheanncheathrú an Daonáirimh i Sord agus oibríocht allamuigh an daonáirimh. Áirítear leis sin monatóireacht ghéar a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le foirmeacha daonáirimh a fhaightear ar ais, treoir a chur ar fáil, treoracha ón gceanncheathrú a chur in iúl d’fhoirne allamuigh, agus fadhbanna oibríochtúla laethúla a réiteach. Beidh siad lonnaithe in Oifig Cheanncheathrú an Daonáirimh i Sord.
Sannfar ceann de na 46 réigiún daonáirimh atá sa tír do gach Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh agus beidh siad freagrach as an daonáireamh a reáchtáil go rathúil sa réigiún sin. Bainisteoidh siad foireann de 10-13 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh (a mbeidh foireann Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh ag gach duine acu) agus déanfaidh siad maoirseacht ghéar ar an dul chun cinn i ngach limistéar allamuigh ábhartha. Déanfar an ról seo faoi threoir an Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh.
Dhún an comórtas le haghaidh na róil seo ar 06 Bealtaine 2026.
Oibreoidh na hiarrthóirí a n-éiríonn leo ar bhonn lánaimseartha ar chonradh naoi mí ó Mheán Fómhair/Dheireadh Fómhair 2026 go Meitheamh 2027.
An 07 Meán Fómhair, cuirfear tús leis an gcéad chéim eile den earcaíocht le haghaidh 466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh ar fud na tíre. Conradh 20 seachtain a bheidh ann a thosóidh in Eanáir 2027.
An 23 Samhain, cuirfear tús leis an gcéim dheireannach den earcaíocht le haghaidh 3,800 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh (Áiritheoirí Daonáirimh roimhe seo) i ngach limistéar den tír. Conradh 8 seachtaine a bheidh ann in Aibreán-Bealtaine 2027.
Déanfar gach iarratas ar líne ar census.ie.
Má tá aon cheist agat faoin earcaíocht don daonáireamh, déan teagmháil linn ag census2027recruitment@cso.ie.