Tá taifid Dhaonáireamh 1926 eisithe ag an gCartlann Náisiúnta. Mar thoradh ar an eisiúint stairiúil seo tá na tuairisceáin aonair ó Dhaonáireamh 1926 ar fáil saor in aisce ar líne in éineacht le taifid Dhaonáirimh 1901 agus 1911. Mar chuid den tionscadal iontach seo de chuid na Cartlainne Náisiúnta, déanfar níos mó ná 700,000 tuairisceán teaghlaigh a chatalógú, a chaomhnú agus a dhigitiú, tuairisceáin ina bhfuil taifid de beagnach 3 mhilliún duine. Is acmhainn luachmhar ghinealais í seo atá ar fáil ar fud an domhain, agus is féidir le daoine a bhfuil sinsearacht Éireannach acu an t-ardán seo a úsáid chun a n-oidhreacht a fhiosrú.
Is féidir leat taifid an daonáirimh a chíoradh ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta.
Chun an acmhainn iontach seo a cheiliúradh, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag breathnú siar ar staitisticí Dhaonáireamh 1926 chun comparáid a dhéanamh idir an daonra ag an am sin agus an daonra ón daonáireamh is déanaí, is é sin Daonáireamh 2022.
Taifeadadh gur 2.97 milliún duine a bhí in Éirinn i nDaonáireamh 1926, arbh é an chéad daonáireamh a reáchtáil Saorstát Éireann. Faoi 2022 bhí an daonra méadaithe go 5.15 milliún, ar méadú 73% é sin, a léiríonn go soiléir an t-athrú ó laghdú fadtéarmach go fás leanúnach.
Bhí ionchas saoil 57 bliain ag na fir agus 58 bliain ag na mná tráth na breithe in 1926. Faoi 2022 bhí ionchas saoil 81 bliain ag na fir agus 84 bliain ag na mná tráth na breithe. In 2022, bhí 7% den daonra 75 bliain d’aois nó níos sine, le hais thart ar 3% in 1926.
In 1926, bhí 17% den daonra ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, 12% ina gcónaí i gCorcaigh agus idir 5% agus 6% ina gcónaí i gcontaetha amhail Maigh Eo, Gaillimh agus Dún na nGall. Faoi 2022, bhí an sciar den daonra a bhí ina chónaí i mBaile Átha Cliath méadaithe go 28% agus bhí 11% ina gcónaí i gCorcaigh. Os a choinne sin, tháinig laghdú dhá fhigiúr ar an daonra i Liatroim (-37%), Maigh Eo (-20%), agus Ros Comáin (-16%) idir 1926 agus 2022.
In 1926, is in Éirinn a rugadh 97% de na daoine a bhí ina gcónaí in Éirinn. Rugadh níos lú ná 1% den daonra lasmuigh d’Éirinn, de Thuaisceart Éireann agus den Bhreatain Mhór, rud a léiríonn an leibhéal íseal inimirce. Faoi 2022, is in Éirinn a rugadh 80% den daonra. Rugadh 14% de chónaitheoirí lasmuigh d’Éirinn, de Thuaisceart Éireann agus den Bhreatain Mhór, rud a léiríonn éagsúlú an daonra mar gheall ar an méadú atá tagtha ar inimirce.
Ba Chaitlicigh Rómhánacha iad 93% den daonra in 1926, ach bhí an figiúr sin tite go 69% faoi 2022. Ní raibh catagóir ar leith chun daoine gan chreideamh a thaifeadadh i nDaonáireamh 1926. Ina ionad sin, taifeadadh iad siúd nach raibh baint acu leis na príomh-sainchreidimh faoin chatagóir ‘eile’. Ba lú ná 1% den daonra an grúpa sin. In 2022, bhí 15% den daonra gan chreideamh.
In 1926, bhí 1,307,662 duine ag obair, arbh fhir iad 74% den lucht saothair agus ar mhná iad 26% de. Faoi 2022, bhí 2,320,297 duine ag obair, arbh fhir iad 1,241,353 (53%) agus ar mhná iad 1,078,944 (47%), rud a léiríonn lucht saothair atá i bhfad níos mó agus atá níos cothroime ó thaobh inscne de.
Thug 18% den daonra le fios i nDaonáireamh 1926 go raibh cumas éigin acu sa Ghaeilge, ach in 2022, thug 40% le fios go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt, bunaithe ar shlat tomhais níos leithne a thaifead aon léibhéal úsáide labhartha, ó úsáid laethúil go húsáid ó am go chéile.
D’oibrigh an chuid is mó den lucht saothair, is é sin 51%, san earnáil talmhaíochta in 1926. Faoi 2022, bhí an figiúr sin tite go beagnach 4%.
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.
Trácht an Staitisteora
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tar éis Éire mar a bhí agus Éire mar atá: An Saol in Éirinn in 1926 agus in 2022 a fhoilsiú inniu (20 Aibreán 2026).
Dúirt Maria Yasin, Staitisteoir i Rannán an Daonáirimh sa CSO, agus í ag trácht ar an eisiúint:
“Tugann Daonáireamh 1926 léargas staitistiúil ar Éirinn ag pointe tábhachtach ina stair. Ba é an chéad daonáireamh a reáchtáladh i Saorstát Éireann, inar taifeadadh na cúinsí déimeagrafacha agus sóisialta a bhí ann ag an am, lena n-áirítear an líon daoine, reiligiún, gairm, imirce agus an Ghaeilge. De bharr go bhfuil na táblaí digitithe anois agus ar fáil saor in aisce do chách ar thairseach sonraí oscailte an CSO, is féidir linn figiúirí Dhaonáireamh 1926 a chur i gcomparáid leo siúd ó Dhaonáireamh 2022 agus a fheiceáil conas a d’athraigh na réimsí sin le céad bliain anuas.
Is bunlíne í an fhaisnéis a bailíodh i nDaonáireamh 1926 chun cuidiú linn tuisint a fháil ar an bhforbairt dhéimeagrafach, eacnamaíoch agus shóisialta le céad bliain anuas. Tá deis ar leith ag an CSO sonraí 1926 a chur i gcomparáid leis an daonáireamh is déanaí, is é sin Daonáireamh 2022. Cuireann an anailís seo lenár dtuiscint ar threochtaí fadtéarmacha a mhúnlaíonn Éire sa lá atá inniu ann. Trí na staitisticí seo a chur le chéile, tugann an eisiúint seo deis dúinn, ní hamháin a fheiceáil conas a bhí Éire tráth, ach a fheiceáil freisin a oiread agus atá sí athraithe.
Cuireann an anailís seo le heisiúint fhoirmeacha Dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta ar an 18 Aibreán 2026. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin imeacht stairiúil seo, féach ar ár bPreasráiteas a ghabhann leis seo.
Daonra agus Ionchas Saoil
Léiríonn torthaí Dhaonáireamh 1926 daonra de 2.97 milliún duine, arbh é sin ceann de na taifid is ísle ó aimsir an Ghorta Mhóir. Má chuirtear é sin i gcomparáid le daonra an lae inniu, is é sin breis agus 5 mhilliún duine, is léir an feabhas atá tagtha ar an scéal ó shin.
Is léir an feabhas atá tagtha ar chúrsaí ó thaobh ionchas saoil de freisin; na caogaidí déanacha ab ea é an t-ionchas saoil a bhí ag an gnáthdhuine in 1926. Tá méadú níos mó ná 20 bliain tagtha ar an ionchas saoil do na fir agus do na mná araon ó shin. Na hochtóidí luaithe is ea é an t-ionchas saoil atá acu anois. Bhí an ráta breithe in 1926 beagnach dhá oiread níos airde ná an ráta breithe in 2022. Léirítear é seo i bpróifíl aoise an daonra; bhí 29% den daonra faoi bhun 15 bliain d’aois in 1926, ach bhí sé sin tite go níos lú ná 20% in 2022.
Dáileadh an Daonra agus Imirce
Léiríonn an daonáireamh freisin an tírdhreach réigiúnach agus sóisialta an-éagsúil a bhí ann ag an am. In 1926, ba é Baile Átha Cliath an t-ionad daonra ba mhó (17%), ach ní raibh sé chomh mór agus atá sé sa lá atá inniu ann (28%), agus bhí sciar i bhfad níos mó den daonra náisiúnta ina chónaí i gcontaetha san iarthar ná mar atá anois. Tá sé suntasach gurbh é Baile Átha Cliath an t-aon chontae inar tháinig méadú ar an daonra idir 1911 agus 1926. Tháinig laghdú ar an daonra i ngach contae eile, ar treocht anuas leanúnach í sin ó Dhaonáireamh 1891.
Tháinig méadú 327% ar dhaonra Chill Dara, ó díreach os cionn 58,000 in 1926 go beagnach 248,000 in 2022, arbh é sin an fás ba mhó é go mór agus go fada. Sa dara háit tá an Mhí (251%) agus sa triú háite tá Baile Átha Cliath (188%). Os a choinne sin, tháinig laghdú dhá fhigiúr ar an daonra i Liatroim (-37%), Maigh Eo (-20%) agus Ros Comáin (-16%).
Bhí na patrúin imirce an-éagsúil freisin. In 1926, bhí leibhéal na hinimirce an-teoranta; is in Éirinn a rugadh 97% den daonra le hais 80% in 2022.
Reiligiún
Léiríonn na taifid an chreatlach shóisialta in 1926 maidir le reiligiún, obair agus an saol laethúil, atá athraithe go mór ó shin. Thaifead an daonáireamh go raibh an creideamh céanna ag i bhfad níos mó daoine; taifeadadh gur Chaitlicigh Rómhánacha iad 93% den daonra. In 2022, ba Chaitlicigh iad 69%, agus áiríodh sa daonáireamh sin tacar níos leithne de chatagóirí maidir le reiligiún, rud a léiríonn daonra níos éagsúla.
Gaeilge
Ba chloch mhíle stairiúil é Daonáireamh 1926 don Ghaeilge. Den chéad uair le breis agus 70 bliain, cuireadh deireadh leis an meath leanúnach ar líon na gcainteoirí Gaeilge. In 1926, taifeadadh gur chainteoirí Gaeilge iad 18% den daonra, figiúr a bhí bunaithe ar cheist nár aithin ach iad siúd a labhair an Ghaeilge amháin, cainteoirí dúchais a labhair Béarla freisin, agus daoine a d’fhéadfadh Gaeilge a léamh gan a bheith in ann í a labhairt, rud a chiallaigh gur léiriú ar chumas dúchais agus litearthacht a bhí sa chomhaireamh seachas ar úsáid níos leithne nó ócáideach.
In 2022, thuairiscigh 40% de dhaoine go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt, bunaithe ar cheist a cuireadh ar gach duine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine, a chuimsigh aon leibhéal cumais labhartha agus a rinne idirdhealú idir úsáid laethúil laistigh nó lasmuigh den chóras oideachais, úsáid sheachtainiúil, úsáid níos annamha, chomh maith le daoine nár úsáid an teanga ar chor ar bith in ainneoin an chumais a bhí acu, rud a chruthaigh tomhas níos leithne ar úsáid na teanga.
I nDaonáireamh 1926, ba i nGaillimh a taifeadadh an líon ba mhó daoine a thug le fios go raibh Gaeilge acu, is é sin 47% (80,238 duine), rud a léiríonn an leibhéal láidir Gaeilge i ngach catagóir sa chontae sin. In 2022, bhí an sciar ab airde de daoine a thuairiscigh go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt i gContae na Gaillimhe (50%), agus bhí an céatadán i gCathair na Gaillimhe ard freisin (45%).
Gairmeacha
Má chuirtear torthaí an dá dhaonáireamh i gcomparáid lena chéile, is féidir a fheiceáil conas atá struchtúr na fostaíochta in Éirinn athraithe le himeacht ama, ó lucht saothair a raibh baint mhór aige leis an talmhaíocht agus obair láimhe in 1926 go lucht saothair atá dírithe ar róil neamhláimhe, bhainistíochta agus ghairmiúla in 2022. Ní hamháin gur athraigh cineálacha na bpost go mór le himeacht ama, ach d’athraigh líon agus próifíl na ndaoine i mbun oibre freisin.
In 1926, bhí 963,768 fear (74%) agus 343,894 bean (26%) ag obair, agus in 2022 bhí 1,241,353 fear (53%) agus 1,078,944 bean (47%) sa lucht saothair. D’oibrigh formhór an lucht saothair san earnáil talamhaíochta; bhí 51% de na hoibrithe fostaithe ar fheirmeacha, lena n-áirítear díreach os cionn 206,000 mac agus iníon a rangaíodh mar chúntóirí feirme ar thalamh teaghlaigh. Faoi 2022, bhí beagnach 4% den daonra ag obair san earnáil talmhaíochta.
I measc na bpost suntasach in 1926, bhí 10,852 tiománaí feithiclí capaill, 1,441 diallaiteoir, 1,012 cúipéir (déantóirí bairillí agus cascaí) agus 211 glantóir simléar nach raibh ach bean amháin ina measc.
Is féidir linn comharthaí luatha an nua-aoisithe a fheiceáil freisin, mar taifeadadh10,291 tiománaí mótarfheithicle, 4,609 meicneoir mótair agus 2,475 feisteoir leictreach i nDaonáireamh 1926. Taifeadadh 23,187 leictreoir agus feisteoir leictreach agus 3,141 teicneoir leictreach agus leictreonaice i nDaonáireamh 2022, agus mhéadaigh líon na dtiománaithe feithiclí earraí troma agus veaineanna go níos mó ná 35,500, líon na dtiománaithe tacsaí agus carranna cíosa agus tiománaithe pearsanta go 13,153, agus líon na dtiománaithe bus agus cóiste 10,676.
Bhí an tseirbhís sláinte i bhfad níos lú in 1926, nuair a taifeadadh go raibh 2,051 dochtúir leighis, 491 cnáimhseach, 5,341 altra agus 536 fiaclóir. Tá codarsnacht mhór idir sin agus an t-éagsúlú agus an speisialú gairmeacha sláinte atá le feiceáil i nDaonáireamh 2022, inar taifeadadh 62,483 altra agus cnáimhseach, 17,953 liachleachtóir, 2,330 fiaclóir, 5,056 teicneoir leighis agus fiaclóireachta, 37,843 cúntóir agus cúntóir altraíochta, 1,699 paraimhíochaineoir, 6,033 cógaiseoir, 2,975 síceolaí agus 4,069 gairmí teiripe.
Faoi 2022, is féidir linn athrú suntasach a fheiceáil i dtreo róil speisialaithe, go háirithe i réimsí na teicneolaíochta faisnéise agus an airgeadais. Taifeadadh 32,997 forbróir bogearraí agus 12,644 speisialtóir TF i nDaonáireamh 2022, agus ó thaobh an airgeadais de bhí 43,304 cuntasóir cairte agus deimhnithe agus 15,895 gairmí bainistíochta tionscadail gnó agus airgeadais. In 1926, níor taifeadadh ach 382 cuntasóir cairte. Féadfaidh tú tuilleadh a fhoghlaim faoinár lucht saothair atá ag athrú agus ag forbairt inár gcaibidil Gairmeacha."