Back to Top

 Skip navigation

Comhairliúchán Scaipthe ar Aschuir Dhaonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh

Fógra Trédhearcachta maidir le Cosaint Sonraí

Céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora sonraí

An Rialaitheoir Sonraí don fhaisnéis seo (Sheelagh Bonham) – Sheelagh.Bonham@cso.ie

Sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí

DPO@cso.ie  

Cuspóir(í) na próiseála agus an bunús dlíthiúil le haghaidh na próiseála

Cuirtear síos ar an bhfaisnéis phearsanta a bhaileoidh/a phróiseálfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh chun críocha an  tsuirbhé san fhógra seo- Comhairliúchán Scaipthe ar Aschuir Dhaonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh, an fáth a bpróiseálann muid an fhaisnéis sin, cé leis a roinntear an fhaisnéis sin, agus cur síos ar chearta údair na n-aighneachtaí maidir lena gcuid faisnéise. Éilíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh faisnéis phearsanta (ainm, seoladh, uimhir theileafóin, ríomhphost) chun go mbeidh sí in ann admháil a dhéanamh go bhfuarthas gach aighneacht, agus chun comhfhreagras a dhéanamh lena húda(i)r maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Úsáidfear na sonraí pearsanta a bhailítear chun críocha an tsuirbhé amháin. Stórálfar agus coinneofar iad i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018. Is é Airteagal 6(1)(e) den RGCS, agus Alt 38(1)(b) den Acht um Chosaint Sonraí 2018 an bunús dlíthiúil le haghaidh na próiseála – .i. próiseáil chun tasc a dhéanamh a chuirtear i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil. 

Tá aighneachtaí chuig an gcomhairliúchán poiblí faoi réir reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise agus féadfar iad a scaoileadh mar fhreagra ar iarratais um shaoráil faisnéise. Féadfar aighneachtaí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh freisin. Ní áireofar sonraí inaitheanta pearsanta in aon scaoileadh/foilsiú den sórt sin. 

I gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar leasanna dlisteanacha an rialaitheora nó tríú páirtí, is iad leasanna dlisteanacha an rialaitheora

N/B

Aon fhaighteoir(í) eile de na sonraí pearsanta

N/B

Sonraí faoi aon aistriú beartaithe chuig tríú tír (stát nach Ballstát den Aontas Eorpach é) nó eagraíocht idirnáisiúnta agus sonraí faoi chinntí agus cosaintí leordhóthanachta

N/B

An tréimhse choinneála nó, mura féidir é sin a dhéanamh, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse choinneála a chinneadh

Scriosfar na sonraí a bhailítear nuair a bheidh an próiseas críochnaithe.

Cearta an duine is ábhar do na sonraí

Tá na cearta seo a leanas agat faoin dlí um chosaint sonraí, cé go bhféadfadh coinníollacha áirithe a bheith i gceist leis an gcumas na cearta seo a fheidhmiú:

  • An ceart cóip a fháil de na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil fút féin agus/nó rochtain a fháil orthu, mar aon le faisnéis eile faoinár bpróiseáil ar na sonraí pearsanta sin
  • An ceart a iarraidh go gceartófar aon sonraí pearsanta míchruinne atá á gcoinneáil againn, nó má tá faisnéis neamhiomlán againn a iarraidh go ndéanfaimid an fhaisnéis a nuashonrú sa chaoi is go mbeidh sí iomlán
  • An ceart, i gcúinsí áirithe, a iarraidh go scriosfar sonraí pearsanta
  • An ceart, i gcúinsí áirithe, a iarraidh nach bpróiseálfaimid sonraí pearsanta a thuilleadh ar an mbealach a bpróiseálaimid iad.

Toiliú

N/B

An ceart gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat, faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí má cheapann tú go bhfuil próiseáil do shonraí pearsanta in aghaidh an dlí um chosaint sonraí. Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Choimisiúin:  

Seoladh Poist: Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí, 6 Rae Pheambróg, Baile Átha Cliath 2, D02 X963, Éire.

Ar líne: https://dataprotection.ie/en/contact/how-contact-us

Cé acu an ceanglas reachtúil nó conarthach é soláthar sonraí pearsanta, an bhfuil sé riachtanach chun conradh a dhéanamh, an bhfuil sé ina oibleagáid, agus na hiarmhairtí féideartha a bhaineann le mainneachtain na sonraí pearsanta a sholáthar

N/B

Aon phróiseas cinnteoireachta uathoibrithe a chuirfear i bhfeidhm ar na sonraí, lena n-áirítear próifíliú, agus faisnéis bhríoch faoi conas a dhéantar cinntí, suntasacht agus iarmhairtí na próiseála

Ní úsáidfear aon sonraí chun críche cinnteoireachta uathoibrithe nó próifílithe.