Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Gné-alt

Tuiscint ar an Intleacht Shaorga agus an úsáid a bhaintear aisti in Éirinn – an méid a insíonn sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh dúinn

Gné-alt ón bPríomh-Oifig Staidrimh,

Tá trácht cloiste againn go léir ar an Intleacht Shaorga, ach cé chomh maith agus a d’fhéadfá í a mhíniú do dhuine eile?

Labhair muid le Gerry Reilly, Staitisteoir Sinsearach sa Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), faoin méid is féidir lena suirbhéanna a insint dúinn faoin tuiscint atá againn ar bhrí na hIntleachta Saorga (IS), faoin gcaoi a seasann muid i gcomparáid le tíortha eile agus faoin úsáid atá á baint againn aisti.


Mar sin, cé chomh heolach atá daoine in Éirinn ar an téarma Intleacht Shaorga (IS)?

Bhuel, is é an dea-scéala ná go bhfuil formhór na ndaoine in Éirinn eolach ar an téarma agus go dtuigeann siad é sách maith lena mhíniú do dhaoine eile. Léiríonn torthaí Shuirbhé Iontaofachta 2025 de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh thar ceann na hÉireann, gur thuig 56% de na freagróirí an téarma sách maith lena mhíniú do dhaoine eile agus go raibh tuairim ghinearálta ag 42% díobh faoina bhrí, fiú dá mbeadh sé deacair orthu cur síos a dhéanamh air. Go deimhin, ní dúirt ach 2% de na freagróirí nach raibh siad eolach ar an téarma ar chor ar bith.

Conas a sheasann muid i gcomparáid le tíortha eile?

As na 36 tír a ghlac páirt sa suirbhé, níor thuairiscigh ach daoine a bhí ina gcónaí i Lucsamburg agus san Iorua leibhéil tuisceana níos airde ar an téarma IS. Dúirt thart ar 67% de na freagróirí sa dá thír sin gur thuig siad an téarma sách maith lena mhíniú do dhaoine eile, i gcomparáid le 56% in Éirinn.

An bhfuil aois ina toisc maidir le heolas ar IS?

Tá. Léiríonn an suirbhé difríochtaí soiléire de réir aoise, oideachais agus tosca déimeagrafacha eile. Mar a bheifí ag súil leis, dúirt níos mó ná 80% de dhaoine idir 18 agus 29 mbliana d’aois gur thuig siad IS sách maith lena míniú do dhaoine eile. Bhí an céatadán sin thart ar dhá oiread an chéatadáin i measc daoine 50 bliain d’aois agus os a chionn a dúirt go bhféadfaidís í a mhíniú.  Ba mhó an seans freisin go dtuigfeadh freagróirí a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu IS ná freagróirí nach raibh cáilíocht den sórt sin acu.

Bhí difríochtaí le sonrú idir fir agus mná freisin. Ba mhó an seans go ndéarfadh fir gur thuig siad IS sách maith lena míniú do dhaoine eile (64%, i gcomparáid le 49% de mhná). Ba mhó an seans go ndéarfadh mná go raibh siad eolach ar an téarma ach go mbeadh sé deacair orthu é a mhíniú.

Bhí difríochtaí le sonrú idir na réigiúin freisin, agus ba i réigiún an Oirthir agus Lár na Tíre ba láidre an tuiscint ar IS.

An bhfuil daoine muiníneach gur féidir leis an Rialtas leas iomlán a bhaint as IS agus cosaint a thabhairt ar na rioscaí ag an am céanna?

Iarradh ar fhreagróirí a leibhéal muiníne as cumas gníomhaireachtaí rialtais IS a úsáid chun seirbhísí níos pearsantaithe a sholáthar nó costais a laghdú a mheas ó 0 go 10 sa Suirbhé Iontaofachta 2025 [EN]. Dúirt thart ar leath díobh nach raibh siad muiníneach, agus thug siad rátáil muiníne níos lú ná 5, agus bhí aon trian díobh muiníneach, agus thug siad rátáil 6 nó níos airde.

Ba iad na hábhair imní maidir le cosaint sonraí ba láidre.  Ní raibh beagnach trí cheathrú de na freagróirí muiníneach go mbeadh gníomhaireachtaí rialtais in ann IS a úsáid agus faisnéis phearsanta daoine a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe nó ar mhí-úsáid ag an am céanna.  Go deimhin, níor léirigh ach 15% muinín as cumas gníomhaireachtaí rialtais an riosca sin a bhainistiú.

Cad atá ar eolas againn faoin úsáid a bhaintear as IS in Éirinn?

Tá cuid mhór againn ag roghnú níos mó teicneolaíochta cliste a úsáid inár dtithe agus inár saol laethúil, amhail lomairí faiche róbatacha agus cuisneoirí cliste atá in ann a chur in iúl duit nuair atá earraí ag dul in easnamh ort. Ina theannta sin, tá cúntóirí fíorúla amhail Alexa nó Siri ag níos mó ná ceathrar as gach deichniúr úsáideoirí idirlín. Baineann na hearraí sin úsáid as IS chun mapáil, oiriúnú agus réamh-mheas a dhéanamh.

In 2024, bhí réitigh chliste amhail teirmeastait, méadair chliste agus rialtáin soilsithe ag 28%  d’úsáideoirí idirlín chun fuinneamh a bhainistiú ina dtithe, ardú ó 22% in 2022. Bhain thart ar 15% úsáid as fearais tí chliste, a mbaineann cuid mhór díobh úsáid as IS, ardú ó 6% in 2022. I measc na ngléasanna a úsáideadh laistigh den teach bhí folúsghlantóirí róbatacha, córais slándála tí agus oighinn IS atá in ann an bia atá á chócaráil agat a aithint agus an teocht agus an t-am cócaireachta a choigeartú dá réir.  I measc na ngléasanna a úsáideadh lasmuigh bhí lomairí faiche atá nasctha leis an idirlíon agus córais uisciúcháin gairdín.

Dúirt níos mó ná leath de na húsáideoirí idirlín a ghlac páirt sa suirbhé gur chaith siad gléasanna cliste amhail uaireadóir cliste nó banda aclaíochta/rianaire gníomhaíochta. Bhain 11% úsáid as réitigh chliste chun monatóireacht a dhéanamh ar a sláinte, mar shampla ar a mbrú fola, ar a leibhéil siúcra agus ar a meáchan, agus baineann cuid mhór de na gléasanna sin úsáid as IS.

Cad faoi ghnólachtaí?

Tá an úsáid a bhaineann gach cineál gnólachta atá ag feidhmiú anseo as IS ag méadú go tapa.  Léirigh suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh ar an teicneolaíocht[EN] go bhfuil méadú géar tagtha le trí bliana anuas ar úsáid IS i measc fiontair a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe acu sna hearnálacha déantúsaíochta agus tógála agus in earnálacha seirbhísí roghnaithe.

In 2023, thuairiscigh thart ar 8% de na fiontair go léir go raibh IS á húsáid acu. Faoi 2024, bhí an céatadán sin beagnach dúbailte, ag 15%, agus faoi 2025 bhí sé méadaithe arís go dtí níos mó ná 20%. Is i measc fiontair mhóra a raibh 250 fostaí nó níos mó acu ba thapúla a bhí an fás. Mhéadaigh céatadán na bhfiontar mór a bhí ag úsáid IS ó thart ar 36% in 2023 go beagnach 60% in 2025.

Cé go raibh glacadh IS i measc fiontair in Éirinn ar aon dul le meán an Aontais Eorpaigh, ag 20%, bhí muid taobh thiar de na tíortha ba mhó chun cinn san Aontas, amhail an Danmhairg (42%) agus an Fhionlainn (38%).

Léiríonn ár gcuid sonraí ní hamháin go bhfuil muintir na hÉireann eolach ar IS, ach go bhfuil úsáid níos mó á baint againn aisti inár saol laethúil agus mar chuid den tslí a ndéanaimid gnó.

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá súil againn go bhfuil léargas ar an gcineál eolas a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le linn na bliana curtha ar fáil sa ghné-alt seo. Chun tuilleadh léargas a fháil, tabhair cuairt ar CSO.ie nó ar ár gcainéil meán sóisialta:

X          LinkedIn          Facebook          Instagram           YouTube

Teagmhálaithe

Preasoifig (+353) 21 453 5028
R-phost pressoffice@cso.ie