Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Bailiúchán Alt faoi Dhaonáireamh 1926 ina bhFiosraítear Sochaí agus Cultúr na hÉireann á Óstáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Tuiscint ar an am a chuaigh thart ar fáil i mBailiúchán Uathúil Alt faoi Dhaonáireamh 1926

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (2 Deireadh Fómhair 2026) bailiúchán alt ina bhfiosraítear ár sochaí agus ár gcultúr ag breathnú ar thuairisceáin Dhaonáireamh 1926.[EN].

Tá na hailt bunaithe ar chuid de na cuir i láthair a tugadh ag siompóisiam de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (COC) faoi Dhaonáireamh 1926 i mí na Bealtaine 2026, ar thacaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh leis. Thug sé le chéile cainteoirí mór le rá ó réimsí na staire, na déimeagrafaíochta, an staidrimh, an ghinealais, an léinn chartlainne, an léinn chultúir agus na teangeolaíochta chun iniúchadh a dhéanamh ar an léargas saibhir atá le fáil i dtaifid Dhaonáireamh 1926.

D’eisigh an Chartlann Náisiúnta na taifid go hoifigiúil an 18 Aibreán 2026 tar éis dóibh a bheith faoi shéala ar feadh 100 bliain. Ós rud é gurbh é an chéad daonáireamh a rinne Saorstát Éireann é, tugann sé an chéad léargas cuimsitheach ar náisiún neamhspleách a bhí ag teacht as tréimhse ina raibh corraíl mhór pholaitiúil agus shóisialta.

Tugann tuairisceáin dhaonáireamh 1926, atá lán de mhionsonraí socheacnamaíocha agus cultúrtha,  i bhfad níos mó ná sonraí dúinn ar líon na ndaoine in Éirinn ag pointe áirithe ama. Ar an leibhéal náisiúnta, tugann na taifid léargas nua dúinn ar an tuiscint a bhí ag líonta tí ar an saol i mblianta tosaigh an tSaorstáit agus ar an taithí a bhí acu air. Ar an leibhéal pearsanta, léirítear iontu saibhreas an ghnáthshaoil, agus leagtar amach iontu caidrimh theaghlaigh, naisc le hinstitiúidí agus líonraí sóisialta ar fud pobal.

Scrúdaítear sa bhailiúchán alt seo ábhair amhail athrú daonra agus eisimirce, ról na n-áiritheoirí, torthúlacht, an tábhacht a bhaineann le taifid a choinneáil agus daonáirimh a dhéanamh, digitiú sonraí stairiúla ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, agus tugtar léargas ann freisin ar an nGaeilge i mblianta tosaigh Shaorstát Éireann. Tá na hacmhainní luachmhara seo ar fáil saor in aisce ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh agus tugann siad bealach isteach chuig ár sonraí daonáirimh go léir.

Laistigh de chúpla lá ó eisíodh taifid Dhaonáireamh 1926, tugadh níos mó ná 40 milliún cuairt uathúil ar na tuairisceáin, agus cé gur bhain go leor daoine úsáid astu chun stair a muintire a rianú, léiríonn na hailt seo conas is féidir leis an daonáireamh cur lenár dtuiscint ar fhorbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha na hÉireann le céad bliain anuas freisin.

Dúirt Eileen Murphy, Ceann Riaracháin an Daonáirimh agus an Bhunathraithe Dhigitigh: “Is taifead é an Daonáireamh ar an am atá caite againn, tomhas ar an am i láthair agus plean don todhchaí. Thug Siompóisiam COC, a raibh an Phríomh-Oifig Staidrimh thar a bheith sásta tacú leis, léargas uathúil ar an bhfoinse shaibhir sonraí atá i nDaonáireamh 1926.

Tá súil againn go bhfiosróidh daoine an saibhreas sonraí daonáirimh atá ar fáil saor in aisce ar CSO.ie agus go mbainfidh siad taitneamh as na hailt is déanaí seo a léamh. Táimid ag tnúth freisin le dul i dteagmháil leis an bpobal agus muid ag ullmhú do Dhaonáireamh 2027. Ócáid stairiúil eile don Stát a bheidh i nDaonáireamh 2027, nuair a bheidh deis ag daoine, den chéad uair, a bhfoirm dhaonáirimh a chomhlánú ar pháipéar nó ar líne.”

Dúirt an tOllamh Ciara Breathnach, comheagraí an tsiompóisiam agus Ollamh le Stair Inscne na hÉireann in COC: “Bhí Scoil na Staire thar a bheith sásta dul i gcomhpháirtíocht leis an bPríomh-Oifig Staidrimh chun seoladh thaifid Dhaonáireamh 1926 a cheiliúradh. Chuireamar fáilte le chéile roimh an bpobal chuig COC chun léargais shuimiúla ó shaineolaithe ar ár stair shóisialta agus chultúrtha a chloisteáil trí thaifid Dhaonáireamh 1926. Tugann an bailiúchán alt seo spléachadh ar an ábhar saibhir a fiosraíodh an lá sin agus is acmhainn luachmhar é d’aon duine a bhfuil spéis aige sa tráth cinniúnach seo inár stair.”

Teagmhálaithe

R-phost pressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --