Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Buaicphointí ón Mol Leanaí agus Daoine Óga Meitheamh 2026

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Tugann Mol Leanaí agus Daoine Óga an CSO Léargas ar Shaol Daoine Óga in Éirinn

  • In 2025, thuairiscigh 9% díobh siúd idir 20 agus 24 bliana d’aois gur chaith siad tobac gach lá. Ba é seo an céatadán ab ísle a tuairiscíodh don aoisghrúpa sin sa tréimhse a scrúdaíodh ó 2015 go 2025.

  • In 2024, thuairiscigh 70.8% de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois gur chaith siad níos mó ná dhá uair an chloig sa lá ar na meáin shóisialta.

  • Bhí sláinte mheabhrach ghinearálta fhéinbhraite measartha, maith nó an-mhaith ag 82.5% de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois in 2024.

  • In 2024, dúirt 78.7% de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois go bhféadfaidís cúnamh praiticiúil a fháil ó chomharsana go measartha héasca nó go han-éasca, agus dúirt 21.3% go bhféadfaidís é sin a dhéanamh le deacracht nó le deacracht mhór.

  • D’fhulaing beagnach trian (30%) de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois leithcheal in 2024. Díobh siúd a d’fhulaing leithcheal, níor ghlac 79% aon ghníomh.

  • In 2024, ní raibh sé d’acmhainn ag níos lú ná 1% de líonta tí ina raibh leanbh nó leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois leabhair a bhí oiriúnach dá n-aois a cheannach.

  • In 2024, ní raibh sé d’acmhainn ag 5.9% de líonta tí ina raibh leanbh nó leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois íoc as gníomhaíochtaí fóillíochta rialta amhail snámh, uirlis a sheinm, srl.

Trácht an Staitisteora

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tar éis nuashonrú ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar ár Mol Leanaí agus Daoine Óga a fhoilsiú inniu (24 Meitheamh 2026). Feidhmíonn an Mol mar fhoinse aonair príomhfhaisnéise ar shaol leanaí agus daoine óga in Éirinn, agus úsáideann sé na sonraí is déanaí ón CSO agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile.

Ag trácht di ar an Mol Leanaí agus Daoine Óga, dúirt Dianne Hillery, Staitisteoir i Stiúrthóireacht Staitisticí Sóisialta an CSO: “Cuimsítear i Mol Leanaí agus Daoine Óga an CSO táscairí a bhaineann le daoine óga in Éirinn thar raon leathan topaicí.

Cuimsíodh i nuashonruithe le déanaí ar an Mol roinnt táscairí maidir le bochtaineacht agus folláine leanaí. Is í Oifig an Chláir maidir le Bochtaineacht agus Folláine Leanaí i Roinn an Taoisigh a chomhthiomsaigh na táscairí sin. Tugadh le chéile iad ó fhoinsí sonraí éagsúla, rud a léiríonn a thuilleadh conas is féidir leis an Mol réimse staitisticí maidir le saol leanaí agus daoine óga a chomhthiomsú in aon áit amháin atá éasca a aimsiú. Tacaíonn na táscairí sin leis an Sprioc maidir le Bochtaineacht na Leanaí a leag an Rialtas síos in 2025 agus leanfar dá bhforbairt agus dá gcur i láthair ar an Mol de réir mar a bheidh sonraí ar fáil.

Cuireann sonraí ar fud an Mhoil ar ár gcumas a fheiceáil an bhfuil athruithe ar iompar daoine óga in Éirinn le himeacht ama. In 2025, thuairiscigh 9% de dhaoine óga idir 20 agus 24 bliana d’aois gur chaith siad tobac gach lá. Ba é sin an céatadán ab ísle a tuairiscíodh sa tréimhse a scrúdaíodh ó 2015 go 2025 don aoisghrúpa sin, agus ba é 25.4% in 2018 an céatadán ab airde.

Leanfar de shonraí nua agus nuashonraithe a chur leis an Mol. Cuireann an CSO fáilte roimh thuairimí agus moltaí ó úsáideoirí maidir leis an Mol, ar féidir iad a sheoladh chuig cyphub@cso.ie."

Buaicphointí ó Mhol Leanaí agus Daoine Óga

Daonra

  • Léirítear leis na sonraí is déanaí gurbh ionann líon measta na ndaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois in Éirinn agus thart ar 1.23 milliún, agus gurbh ionann líon na ndaoine idir 18 agus 24 bliana d’aois agus beagán os cionn 467,000 in 2025.
  • Tháinig laghdú faoina leath ar líon na leanaí a rugadh do mháithreacha faoi bhun 20 bliain d’aois, ó 1,380 breith in 2013 go 683 breith in 2023.

Oideachas

  • Tá laghdú tagtha ar mheánmhéid ranga i mbunscoileanna príomhshrutha ó 25 dalta sa bhliain acadúil 2015-16 go 22 sa bhliain acadúil 2024-25.
  • Bhí níos mó ná 60,000 scoláire cláraithe san Idirbhliain sa bhliain acadúil 2024-25; bhí sé sin suas ó níos lú ná 59,000 scoláire sa bhliain acadúil 2023-24.

Sláinte Ghinearálta

  • In 2024, mheas 76.9% de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois go raibh a stádas sláinte maith nó an-mhaith.
  • Ar an gcaoi chéanna, thuairiscigh 77.4% de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois nach raibh aon tinneas ná fadhb sláinte fhadtéarmach orthu in 2024.
  • In 2024, ba é siúl chun dul chuig áiteanna agus teacht uathu an cineál gníomhaíochta coirp ba choitianta, trí lá nó níos mó sa tseachtain, i measc daoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois (85.2%). Ina dhiaidh sin bhí gníomhaíochtaí spóirt, aclaíochta nó áineasa (53.4%) agus gníomhaíochtaí neartaithe matán (33.5%).

Meabhairshláinte

  • Ba é 4.4% céatadán na ndaoine idir 15 agus 19 mbliana d’aois a thuairiscigh go raibh siomptóim anacra mhothúchánaigh orthu in 2024, agus ba é 16.3% an céatadán i gcás daoine idir 20 agus 24 bliana d’aois.
  • As na daoine idir 18 agus 24 bliana d’aois a d’úsáid na meáin shóisialta in 2024, thuairiscigh 36.8% go raibh tionchar diúltach ag úsáid na meán sóisialta ar a meabhairshláinte.

Caidrimh

  • Maidir le córais tacaíochta daoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois in 2024, dúirt 21.1% go raibh seisear nó níos mó ann a bhféadfaidís brath orthu dá mbeadh fadhbanna tromchúiseacha acu. Ba é 43.6% an céatadán i gcás na ndaoine a dúirt go raibh idir triúr agus cúigear ann a bhféadfaidís brath orthu, agus ba é 31.5% é i gcás na ndaoine a dúirt go raibh duine amháin nó beirt ann a bhféadfaidís brath orthu.
  • In 2024, thuairiscigh 3.8% nach raibh aon duine ann a bhféadfaidís brath air dá mbeadh fadhbanna tromchúiseacha acu, agus, ar an gcaoi chéanna, bhraith 3.8% nár léirigh daoine eile aon chúram ná suim sa mhéid a bhí á dhéanamh ag an duine óg.
  • Thuairiscigh níos mó ná dhá thrian (67.9%) de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois gur léirigh daoine eile roinnt cúraim agus suime, nó cuid mhór cúraim agus suime, sa mhéid a bhí á dhéanamh acu in 2024.

An tSochaí

  • In 2023, thuairiscigh 8.4% d’fhir agus 6.9% de mhná 25 bliana d’aois sa staidéar Fás Aníos in Éirinn gur íospartaigh coireachta iad le dhá bhliain anuas.
  • In 2022, atreoraíodh 6,051 buachaill agus 2,353 cailín chuig Clár Athstiúrtha an Gharda Síochána.

Díothacht agus Bochtaineacht

  • Tháinig laghdú ar chéatadán na dteaghlach ina raibh leanbh amháin ar a laghad faoi bhun 16 bliana d’aois agus nach raibh sé d’acmhainn acu áit oiriúnach a bheith acu chun staidéar a dhéanamh/obair bhaile a dhéanamh, ó 1.1% in 2021 go 0.3% in 2024.
  • Ar an gcaoi chéanna, tháinig laghdú ar chéatadán na dteaghlach ina raibh leanbh amháin ar a laghad faoi bhun 16 bliana d’aois agus nach raibh sé d’acmhainn acu íoc as turais/imeachtaí scoile a raibh costas airgid ag baint leo, ó 3.1% in 2021 go 1.8% in 2024.

Nótaí d'Eagarthóirí

Sheol an CSO Mol Leanaí agus Daoine Óga i mí Feabhra 2025. Tugann an Mol rochtain éasca d’úsáideoirí ar na staitisticí is déanaí ar raon príomhthéamaí a bhaineann le leanaí agus daoine óga de réir mar a fhoilsítear iad ar ár dtairseach sonraí oscailte. Úsáideann an Mol ár dtairseach sonraí oscailte, data.cso.ie, nó PxStat, rud a chuireann ar chumas úsáideoirí sonraí atá ábhartha dóibh a chuardach, a íoslódáil agus léirithe amhairc a chruthú ar an mbealach is fearr a oireann dóibh. Cuireann struchtúr an Mhoil solúbthacht ar fáil chun sonraí nua a chur leis de réir mar a bheidh siad ar fáil, topaicí nua a chur san áireamh, agus nuashonruithe níos rialta a dhéanamh. 

Teagmhálaithe

Dianne Hillery (+353) 1 498 5085
R-phost cyphub@cso.ie