Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Mol Eolais maidir le Daoine Scothaosta, Meán Fómhair 2026

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Léargas ar shaol daoine scothaosta in Éirinn ar fáil ar an Mol Eolais CSO maidir le Daoine Scothaosta

  • I mí Aibreáin 2026, ba é 891,100 an líon measta daoine in Éirinn a bhí 65 bliana d'aois agus os a chionn, méadú 30,000 ar Aibreán 2025.

  • In 2025, bhí sástacht fhoriomlán saoil ard ag níos mó ná aon trian (36.5%) de na freagróirí a bhí 65 bliana d'aois agus níos sine i gcomparáid le 22.1% de na freagróirí a bhí idir 25 agus 49 bliana d'aois.

  • Ghlac beagnach leath (47.5%) de na freagróirí idir 65 agus 74 bliana d'aois agus 27.2% de na freagróirí 75 bliana d'aois agus níos sine páirt i spóirt, imeachtaí folláine nó i ngníomhaíochtaí coirp áineasa trí huaire sa tseachtain ar a laghad in 2025.

  • Tá méadú ag teacht ar líon na mblianta sláintiúla i ndiaidh 65 bliana d'aois ar féidir le daoine a bheith ag súil leo, ó 11.7 bliana in 2023 go 12.3 bliana in 2024.

  • Ba é 3.4% an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí do dhaoine 65 bliana d'aois agus os a chionn sa bhliain 2025, i gcomparáid le 7.8% dóibh siúd idir 0 agus 17 mbliana d'aois.

  • Bhí níos mó ná ceathrar as deichniúr (42%) de na freagróirí 60 bliain d'aois agus níos sine buartha go mbeidís ina n-íospartaigh coireachta mar gheall ar a n-úsáid as an idirlíon in 2025, i gcomparáid le 14% in 2019.

Ráiteas an Staitisteora

D'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (an 30 Meán Fómhair 2026) nuashonrú ar an Mol Faisnéise maidir le Daoine Scothaosta mar aitheantas ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe (NA) do Dhaoine Scothaosta. Soláthraítear leis an Mol Eolais léargas ar shaol daoine scothaosta in Éirinn, agus leagtar béim ann ar tháscairí sóisialta agus eacnamaíocha ó raon leathan foilseachán de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus ó fhoinsí ar fud an chórais rialtais.

Ag trácht ar an Mol Eolais do Dhaoine Scothaosta, dúirt Sarah Crilly, Staitisteoir sa Rannán um Chomhtháthú Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa Phríomh-Oifig Staidrimh: “Leis an Mol Eolais maidir le Daoine Scothaosta is féidir linn réimse leathan táscairí a thabhairt le chéile le léargas a thabhairt ar dhaoine ag éirí níos sine in Éirinn. Ar an iomlán, is féidir linn a fheiceáil go bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide agus gur féidir leo a bheith ag súil le líon méadaitheach de bhlianta sláintiúla a bheith acu tar éis 65 bliana d'aois. Rud suimiúil is ea gur bhain 90% de na freagróirí idir 60 agus 74 bliana d'aois in 2025 úsáid as an idirlíon le trí mhí roimhe sin, ach tá méadú tagtha ar an líon daoine 60 bliain d'aois agus níos sine a bhfuil imní orthu go mbeidís ina n-íospartaigh choireachta mar gheall ar a n-úsáid as an idirlíon ó 14% in 2019 go 42% in 2025.

Daonra agus Sláinte

Fuarthas inár meastacháin daonra i mí Aibreáin 2025 gur thit líon na ndaoine idir 0 agus 14 bliana d'aois faoi bhun 1 mhilliún go 992,400 den chéad uair ó 2014. Ag an am céanna, tháinig méadú ar líon na ndaoine 65 bliana d'aois agus níos sine go 891,100 duine, ó 589,500 duine in 2014. In 2037, faoin gcás réamh-mheastacháin M2, tá sé réamh-mheasta go mbeidh 1,226,300 duine 65 bliana d'aois agus níos sine in Éirinn. Tomhaiseann blianta sláintiúla (HLY) an líon blianta a bhfuiltear ag súil go mairfidh duine 65 bliana d'aois le sláinte mhaith, is táscaire ionchais sláinte é ina dtugtar faisnéis faoi bhasmhaireacht agus faoi ghalracht le chéile. Chomh maith leis sin, tá méadú ag teacht ar líon HLY atá fágtha, ó 11.7 bliana in 2023 go 12.3 bliana in 2024 do dhaoine 65 bliana d'aois.

In 2025, thuairiscigh seachtar as deichniúr (69.6%) de na freagróirí idir 65 agus 74 bliana d'aois go raibh sláinte mhaith nó an-mhaith acu, i gcomparáid le 59.5% de na freagróirí 75 bliana d'aois agus níos sine. Chaith freagróirí 75 bliana d'aois agus níos sine a raibh freagrachtaí cúraim orthu meánmhéid 60 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ag tabhairt cúraim, i gcomparáid le 49 uair an chloig in aghaidh na seachtaine i gcás na ndaoine a bhí idir 65 agus 74 bliana d'aois.

Ghlac beagnach leath (47.5%) de na freagróirí idir 65 agus 74 bliana d'aois agus níos mó ná ceathrú, 27.2% de na freagróirí 75 bliana d'aois agus níos sine páirt i spóirt, imeachtaí folláine nó i ngníomhaíochtaí coirp áineasa trí huaire sa tseachtain ar a laghad. Bhí deacracht ag dhá oiread d'fhreagróirí 75 bliana d'aois agus níos sine (21.3%), atá teoranta mar gheall ar fhadhbanna sláinte, éirí as leaba nó as cathaoir, i gcomparáid le 9.8% díobh siúd idir 65 agus 74 bliana d'aois. Gheobhadh seachtar as deichniúr (69.3%) de na freagróirí a bhí 75 bliana d'aois agus níos sine cabhair phraiticiúil go héasca, nó go han-éasca, ó chomharsana i gcomparáid le 40.9% díobh siúd a bhí idir 25 agus 34 bliana d'aois in 2025. Ní ólann ceathrar as gach deichniúr (40.3%) de na freagróirí atá 75 bliana d'aois agus os a chionn alcól riamh, i gcomparáid le 23.5% díobh siúd atá idir 65 agus 74 bliana d'aois.

An tIdirlíon agus an Choireacht

In 2025, as na daoine sin a d'úsáid an t-idirlíon, d'úsáid leath na bhfreagróirí (48%) idir 60 agus 74 bliana d'aois é ar mhaithe le líonrú sóisialta i gcomparáid le 90% de na freagróirí idir 30 agus 44 bliana d'aois. Bhí níos lú ná dhá thrian (63%) de na freagróirí 75 bliana d'aois agus níos sine tar éis an t-idirlíon a úsáid le trí mhí anuas, i gcomparáid le 90% de na freagróirí idir 60 agus 74 bliana d'aois. Ag an am céanna, bhí imní ar 42% de na freagróirí 60 bliain d'aois agus níos sine go mbeidís ina n-íospartaigh coireachta mar gheall ar a n-úsáid as an idirlíon, i gcomparáid le 14% in 2019.

Bhí figiúirí comhchosúla ann maidir le calaois, agus bhí imní ar 45% de na freagróirí 60 bliain d'aois agus níos sine go mbeidís a bheith ina n-íospartaigh choireachta lena mbaineann calaois nó cealgaireacht a dhíríonn ar a gcuid airgeadais nó sonraí pearsanta in 2025, i gcomparáid le 19% in 2019. Bhraith céatadán níos airde de dhaoine 60 bliain d'aois agus os a chionn (58%) an-sábháilte agus iad ag siúl leo féin nó i gcuideachta daoine eile ina gceantar áitiúil, i gcomparáid le 46% díobh siúd idir 30 agus 44 bliana d'aois. In 2025, ba í an céatadán de na freagróirí a raibh tionchar ag iompar frithshóisialta ina gceantar áitiúil ar a saol ag leibhéal beag nó leibhéal suntasach ba ísle i gcás daoine 60 bliain d'aois agus os a chionn agus 11%, agus ag an gcéatadán b'airde i gcás na ndaoine idir 30 agus 44 bliana d'aois ag 24%.

Bochtanas agus an tSochaí

Ag féachaint ar an mbochtaineacht agus ar an díothacht fhorghníomhach, ba é 3.4% an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí do dhaoine 65 bliana d'aois agus os a chionn in 2025, níos lú ná leath an ráta (7.8%) do leanaí idir 0 agus 17 mbliana d'aois. Ag an am céanna, tháinig méadú ar an ráta díothachta forghníomhaí do dhaoine 65 bliana d'aois agus níos sine, ardú ó 7.7 % in 2024 go 9.8 % in 2025. Díobh siúd atá ag obair, bhí 15.5% de na freagróirí 65 bliana d'aois agus níos sine as láthair ón obair mar gheall ar fhadhbanna sláinte le 12 mhí anuas, i gcomparáid le 33.5% díobh siúd idir 35 agus 44 bliana d'aois.

In 2025, bhí ceadúnais tiomána iomlána ag thart ar 232,000 fear agus 190,000 bean 70 bliain d'aois agus níos sine, ardú ó 153,000 agus 110,000 faoi seach in 2016. In 2025, cláraigh daoine 60 bliain d'aois agus níos sine 1,387 pósadh inscne contrártha, líon níos mó ná dhá oiread an líon in 2015 ag 613 pósadh."

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá go leor bealaí ann le tuiscint a fháil ar shaol daoine scothaosta: athruithe le himeacht ama a fheiceáil, táscairí a chur i gcomparáid, agus scrúdú níos doimhne a dhéanamh ar na difríochtaí idirghlúine in Éirinn. Ceann de na haidhmeanna atá ag an Mol ná saoráid inrochtana a chur ar fáil d’úsáideoirí chun na téamaí agus na táscairí seo a scrúdú dóibh féin, chun tuiscint níos fearr a fháil ar shaol daoine scothaosta. Soláthraítear leis an Mol táscairí a fhaightear ó raon foilseachán agus suirbhéanna de chuid CSO agus ó eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí.

Clúdaíonn an Mol Eolais maidir le Daoine Scothaosta na téamaí seo a leanas:

  1. Daonra ag Dul in Aois
  2. Sláinte
  3. Coiriúlacht
  4. Tithíocht
  5. Ioncam agus Bochtaineacht
  6. Oideachas
  7. Dearcthaí agus Tuairimí
  8. Taisteal agus Turasóireacht
  9. Gníomhaíocht
  10. Imeachtaí Saoil
  11. Fostaíocht
  12. Cúramóirí Scothaosta agus Tacaíochtaí Sóisialta
  13. Úsáid an Idirlín
  14. Tiománaithe agus Sábháilteacht ar Bhóithre

Teagmhálaithe

R-phost socialcohesion@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --