Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA na hÉireann - Sprioc 9 - Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus Bonneagar 2026
Meánachar (km) ó áit chónaithe go pointe rochtana príomhbhóthair de réir Contae, 2022 (SFI 9.1.1)
Léarscáil bunaithe ar shonraí Dhaonáirimh 2022. Léirítear meánachar i gciliméadair (km) ó áiteanna cónaithe go pointe rochtana príomhbhóthair. Tá áiteanna cónaithe i bPort Láirge, Uíbh Fhailí, An Cabhán, Dún na nGall agus Liatroim ar an meán breis is 6km ón bpointe rochtana príomhbhóthair, an achar is mó i measc gach contae.
Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh
Breisluach Déantúsaíochta, 2024 (SFI 9.2.1)
€166 billiún, ag bunphraghsanna reatha in 2024
Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh
Fostaíocht san Earnáil Thionsclaíoch mar % d’fhostaíocht go léir, R1 2026 (SFI 9.2.2)
12.5%
Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh
Sciar astaíochtaí gás ceaptha teasa de réir Earnála, 2023 (SFI 9.4.1)
Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht: 38% de Choibhéis CO2
Líonta Tí (mar thomhaltóirí): 24% de Choibhéis CO2
Tionsclaíocht: 20% de Choibhéis CO2
Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh
Caiteachas ar Thaighde agus Forbairt, 2025 (SFI 9.5.1)
Ollchaiteachas 2.6% den OIN* (OIN Modhnaithe), measta i gcomhair 2025
Foinse: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta