Tá íomhánna digitithe de na foirmeacha daonáirimh a líon muintir na hÉireann isteach ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) freagrach as an daonáireamh a reáchtáil in Éirinn. Bíonn foirmeacha daonáirimh faoi rún ar feadh 100 bliain, mar a leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993. Tar éis sin, tá an Chartlann Náisiúnta freagrach as bail a choinneáil ar na taifid stairiúla seo, agus as iad a fhoilsiú. D’fhoilsigh an Chartlann Náisiúnta foirmeacha dhaonáirimh 1901 agus 1911 cheana féin. Is gearr go gcuirfear foirmeacha dhaonáireamh 1926 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta freisin.
Tá an Chartlann Náisiúnta ag pleanáil clár fairsing imeachtaí poiblí sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn, lena n-áirítear réimse leathan imeachtaí cultúrtha, oideachais agus cruthaitheacha. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar a suíomh gréasáin.
Le blianta beaga anuas, tá an Chartlann Náisiúnta ag tabhairt faoin tasc ollmhór foirmeacha Dhaonáireamh 1926 a dhigitiú. Tugann an foilsiú sin léargas an-spéisiúil ar an saol in Éirinn in 1926, tar éis Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha. Is é seo an chéad deis atá ag go leor teaghlach taifead ar a ngaolta a fheiceáil. Chomh maith le ginealas, úsáidfear na taifid mar áis taighde ar stair shóisialta, eacnamaíocht, sláinte phoiblí, tithíocht, oideachas agus úsáid teanga.
Chun cur le foilsiú fhoirmeacha dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta, foilseoidh an CSO "Éire mar a bhí agus Éire mar atá: An saol in Éireann in 1926 agus 2022" [EN]. Leis an bhfoilseachán CSO sin, tabharfar léargas ar leith ar an gcaoi ar athraigh an saol in Éirinn le beagnach 100 bliain anuas maidir leis an daonra, áiteanna cónaithe, reiligiúin, teangacha agus gairmeacha.
Más spéis leat teacht ar níos mó tuarascálacha Daonáirimh stairiúla, nó fáil amach conas a tháinig athrú ar an Daonáireamh agus ar Éirinn le himeacht ama, tabhair cuairt ar na naisc seo a leanas:
Tuarascálacha Daonáirimh 1821 – 2006
An Daonáireamh sa Stair
Reáchtálfar an chéad daonáireamh eile in Éirinn in Aibreán agus Bealtaine 2027. Seo an chéad daonáireamh ina mbeidh an rogha ann foirm ar líne a úsáid. Tá comórtais earcaíochta do bhaill foirne allamuigh ar siúl i mí Aibreáin, mí Mheán Fómhair, agus mí na Samhna i mbliana.