Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Straitéis Sonraí CSO 2026 - 2028

Straitéis Sonraí CSO 2026 - 2028

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Réamhrá

Jennifer Banim Image

Mar Oifig Staidrimh Náisiúnta na hÉireann, tá ról uathúil iontaofa ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) maidir le Staidreamh Oifigiúil neamhspleách ar ardchaighdeán a sholáthar a dhéanann cur síos ar ár sochaí, geilleagar agus comhshaol. Tríd an obair seo, tacaíonn an CSO le cinnteoireacht bunaithe ar fhianaise, neartaíonn sé cuntasacht phoiblí, agus cothaíonn sé muinín in úsáid sonraí ar mhaithe leis an leas poiblí. Is cloch mhíle suntasach é foilseachán na Stráitéise Sonraí seo don CSO, ina leagtar amach fís shoiléir maidir le conas a leanfaidh Staidreamh Oifigiúil le freastail ar leas an phobail agus a dhearbhaíonn ról ceannasaíochta an CSO I múnlú éiceachóras sonraí na hÉireann.

I dtírdhreach sonraí atá ag athrú go tapa, i dteannta le timpeallacht reachtaíochta atá ag athrú ag leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon, leanann bunús an Staidrimh Oifigiúil a de bheith bunaithe ar bhailiú agus anailís sonraí príomhúla láidre. Leanann suirbhéanna agus daonáirimh de bheith riachtanach chun iomláine, ionadaíochas agus cruinneas a chinntiú. Mar sin féin, tá úsáid foinsí sonraí riaracháin agus tánaisteacha, i gcomhar le cumais anailíseacha forbartha, ag athmhúnlú an chaoi a gcruthaítear luach staidrimh. Leanfaidh an CSO de bheith ag tacú le comhtháthú na bhfoinsí sonraí seo agus na luachanna a bhaineann le rúndacht staidrimh, ionracas agus cáilíocht an Staidrimh Oifigiúil á gcosaint.

Is i gcroílár an athraithe seo atá ár ndaoine. Aithnítear go forleathan a saineolas, tiomantas agus oiriúnaitheacht agus tá siad lárnach do rath na straitéise seo. Tá an CSO tiomanta do chumais ár bhfoirne a fheabhsú agus dár scileanna agus saineolas a roinnt chun tacú leis an éiceachóras sonraí níos leithne.

Cinnteoidh caighdeáin sonraí agus idir-inoibritheacht chomh maith le meiteashonraí comhsheasmhacha, aicmithe agus creatlacha cáilíochta go mbeidh éiceachóras sonraí na hÉireann fós nasctha, éifeachtúil agus oiriúnach don fheidhm i ré dhigiteach. Cuireann teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail Intleacht Shaorga (IS) deiseanna suntasacha ar fáil chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar sonraí a phróiseáil, a anailísiú agus a scaipeadh. Ag an am céanna, ní mór a húsáid fhreagrach a threorú le rialachas láidir, caighdeáin, trédhearcacht agus prionsabail eiticiúla — réimsí ina leanfaidh an CSO de cheannaireacht a sholáthar, I gcomhar lenár sainordú comhairle a thabhairt ar shaincheisteanna sonraí níos ginearálta.

Tá an CSO tiomanta fós don ualach ar sholáthraithe sonraí a laghdú. Beidh neartú phrionsabal ‘sonraí tánaisteacha ar dtús’ riachtanach chun an sprioc seo a bhaint amach. Trí mhodhanna bailithe níos cliste a chur i bhfeidhm, agus ár gcumais innealtóireachta sonraí a leathnú, is féidir linn léargais níos saibhre a sholáthar agus dúbláil agus éilimh tuairiscithe ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí araon a laghdú.

Forbraíodh an straitéis sonraí seo i gcomhar lenár Ráiteas Straitéise nua a leagann amach na haidhmeanna, na tosaíochtaí agus an treo straitéiseach don CSO thar na trí bliana amach romhainn. Cuirfidh ár straitéis sonraí treoir ar fail freisin dár straitéisí Teicneolaíochta agus Daoine (Le Chéile) atá á bhforbairt faoi láthair.

 

Jennifer Banim Signature

Jennifer Banim
Ard-Stiúrthóir