Seasann an straitéis seo le fís an CSO de “Léargas Neamhspleách do Chách” agus cuireann sí an sprioc seo chun cinn trína misean:
“Forbairt éiceachóras sonraí náisiúnta na hÉireann a threorú trí leas a bhaint as sonraí mar acmhainn straitéiseach - iontaofa, inrochtana agus cumhachtach.”
Agus an misean seo á shaothrú aige, tacóidh an CSO le seirbhísí poiblí níos fearr, cuirfidh sé bonn eolais faoi chinntí beartais, agus cuirfidh sé trédhearcacht níos mó chun cinn trí Staidreamh Oifigiúil ardchaighdeáin a sholáthar. Soláthróidh an CSO réimse seirbhísí sonraí, leagfaidh an CSO síos caighdeáin láidre, agus treoróidh an CSO úsáid fhreagrach sonraí ar fud an rialtais.
Tríd an straitéis seo, feabhsóidh an CSO bainistíocht, comhtháthú agus úsáid sonraí agus, ag an am céanna, cuirfidh sé na caighdeáin is airde cáilíochta, ionracais agus iontaofachta chun cinn i dtáirgeadh Staidrimh Oifigiúil. Trí fheabhas teicniúil, rialachas eiticiúil agus saineolas gairmiúil a thabhairt le chéile, neartaíonn an straitéis seo prionsabail neamhspleáchais agus údaráis an CSO, ag uasmhéadú luach na sonraí don phobal.